Tá sé deacair sainmhíniú a thabhairt ar cad is brí leis an Ghaeltacht, cibé chónaíonn tú san áit nó nach gcónaíonn. Ach sin é go díreach atá ealaíontóirí ó gach cearn d’Éirinn i bhfách lena dhéanamh i dtaispeántas úrnua a bheifear a oscailt ag an 6 a chlog tráthnóna Dé Sathairn seo chugainn i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na Gall.
Bronnfaidh Mairéad Ní Mhaonaigh, an t-amhránaí cáiliúil is Dún na nGall, duais de €5,000, ar an príomhbhuaiteoir mar pháirt den togra dearcealaíne Gaeltachta, “Ciall 2011”. Is é Donnchadh Mac Fionnlaoich, TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, a bheas ina aoichainteoir.
Tháinig an smaoineamh nuálach do “Ciall” chun cinn a bhuíochas don Gailearaí, i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealíon, Údarás na Gaeltachta, Foras Na Gaeilge, Comhairle Chontae Dhún na nGall agus MFG Teo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag stiúrthóir An Gailearaí, Una Campbell: “cé gurb í seo an chéad bhliain dár dtairiscint oscailte do Ciall, bhí muid thar a bheith sásta leis an freagra a fuair muid ó gach disciplín sna dearcealaíona: péinteáil, líníocht, priontaí, dealbhóireacht, na meáin dhigiteacha, suiteáil agus beoléiriú.”
Dúirt duine de na moltóirí, an file Theo Dorgan, go raibh sé ag lorg ealaín “a thaispeánann céadfa na Gaeltachta sa chiall is leitheadaí,” agus dúirt sé fosta go raibh na hiontrálacha “dúshlánach, eagnaí agus inspreagtha. Tá súil agam go leanfaidh Ciall ar aghaidh ag gríosadh daoine chun machnamh níos doimhne agus níos leithne a dhéanamh ar an bhrí atá leis an Ghaeltacht.”
Dúirt a chomh-mholtóir Paraic Breathnach, atá in stiúrthóir ar Ionad Ealaíon na Gaillimhe, gur léirigh na hiontrálacha “an leibhéal éirime agus cumas ealaíonta atá sa Ghaeltacht, agus an mórtas cine is ceantair a mhothaíonn siad.”
Beidh an taispeántas agus bronnadh na nduaiseanna ar siúl idir 6-8 i.n., Dé Sathairn,
9ú Aibreán, san Áislann, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall agus beidh fáilte roimh chách. Sonraí ó ceardlann@eircom.net nó www.angailearaí.com
Fiosrúcháin ó na meáin chuig: Trish Hegarty, Inis Communications ag +353 86 1740057.